Beidh Dara Calleary TD, an tAire Stáit um Chur Chun Cinn na Trádála, Rialáil Cuideachta agus Dhigiteach i láthair chun líonra Eirmersive a sheoladh ar an oíche.
San imeacht, dar teideal OUTWARD, léireofar uaillmhian agus rochtain dhomhanda earnáil na Teicneolaíochta Tumthaí in Éirinn, áit a bhfuil 80% de ghnólachtaí ag onnmhairiú a gcuid réitigh nuálaíocha ar fud an domhain cheana féin. Beidh deis ag an lucht freastail féachaint ar thaispeántais teicneolaíochta tumthaí, dea-scéalta a chloisteáil faoin teicneolaíocht, agus foghlaim faoi na forbairtí is déanaí sa tionscal.
Samhlaíonn Eirmersive Éire a bheith ina mol domhanda don teicneolaíocht thumthach faoi 2030, ag baint leasa as tallann shaibhir TF agus chruthaitheach na tíre. Le fás domhanda measta de €800 billiún faoi 2030 agus 860,000 post nua féideartha cruthaithe faoi 2025, is pointe ríthábhachtach é an ócáid seolta seo do thodhchaí dhigiteach na hÉireann.
Tabharfaidh Michael Barngrover, Stiúrthóir Bainistíochta XR4Europe, cumann tionscail a bhfuil tionchar gníomhach aige a mhúnlaíonn todhchaí an tsaoil fhíorúil san Eoraip go gníomhach trí thionscadail mar XR4HUMAN agus OpenVerse, príomhaitheasc sa tráthnóna. Cuirfidh Michael léargas ar thírdhreach na hEorpa ar fáil, lena n-áirítear príomhstraitéisí ar nós Straitéis Meiteachruinne na Fionlainne agus tionscnaimh Dhomhanda Fíorúla an AE, ag cur béime ar dheiseanna do chuideachtaí Éireannacha dul i ngleic leis na tionscnaimh seo agus leas a bhaint astu.
Beidh Lightning Talks mar chuid den imeacht, ina labhróidh úsáideoirí deiridh Réitigh Teicneolaíochta Tumthaí a thóg cuideachtaí tumthacha na hÉireann. Beidh na húsáideoirí seo a leanas ina measc:
- Labhróidh Dafyyd Hall Williams, Stiúrthóir Ealaíne ar Cheoldráma Camchuairte Uladh faoin gcaoi ar bhain cuideachta Cheoldráma Camchuairte Uladh atá lonnaithe i mBéal Feirste leas as an teicneolaíocht a d’fhorbair an comhlacht teicneolaíochta tumhthaí Volograms atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Clúdóidh Dafydd dhá chás úsáide ar leith ina raibh ról lárnach ag teicneolaíocht thoirtmhéadrach gabhála Volograms: RB Don Giovanni agus aip Yardmen Trail AR Stories.
- Labhróidh Ger Corbett, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin i gCeantar Gnó Áth an Ghainimh faoi chur i bhfeidhm agus úsáid cúpla RF digiteach Áth an Ghainimh do thionscadal AE, IB-Green, a bhaineann le straitéisí glasa do cheantair thionsclaíocha i gcathracha nach mbíonn go leor spásanna glasa taitneamhachta poiblí iontu.
- Labhróidh Mary Walsh O’Shea, Oifigeach Oideachais Aosaigh atá freagrach as an tSeirbhís Deimhnithe Oiliúna & Treorach Oideachais Aosaigh in WWETB faoi Réaltacht Fhíorúil a úsáid le haghaidh Ionsamhlúchán Chúram Tumthach Sláinte.
Beidh Meitheal an Tumoideachais, le tacaíocht ó Meta, i láthair le linn na hócáide freisin. Tá an grúpa seo ag forbairt moltaí do rialtas na hÉireann maidir le RB, RF, agus RM a chomhtháthú sna curaclaim oideachais ag gach leibhéal. Léireofar ina dtuarascáil cásanna úsáide rathúla ó Éirinn agus fiosrófar ann conas is féidir leis an tumoideachas feabhas a chur ar oideachas, breisoiliúint agus oiliúint ghairmiúil. Seolfaidh Stephanie Anderson ó Meta an tuarascáil go hoifigiúil ag an imeacht.
Cuirfear an tráthnóna i gcrích le taispeántais ó chuideachtaí Tum-theicneolaíochta na hÉireann, líonrú agus fáiltiú bia.
Seo a leanas clár an imeachta:
- 7:00 – 7:15 i.n. Aitheasc Tosaigh
- 7:15 – 7:45 i.n. Lightning Talks of End-User Success Stories
- 8:00 – 8:15 i.n. Seoladh Thuarascáil Mheitheal an Tum-Oideachais
- 8:15 – 9:30 i.n. Taispeántais Réitigh Teicneolaíochta Tumthaí ó chuideachtaí dúchasacha, fáiltiú bia agus líonraithe
Tá Eirmersive bródúil as tacaíocht a fháil ó chlár Éire Ildánach agus tá maoiniú á fháil aige ón Rialtas mar chuid de Phlean na dTionscal Cruthaitheach Digiteach 2024-2026, a faomhadh agus a seoladh i mí Feabhra 2024. Tá sé mar aidhm ag an bplean seo na tionscail chruthaitheacha dhigiteacha in Éirinn a neartú, agus ról lárnach ag Eirmersive in earnáil na Teicneolaíochta Tumhthaí a ardú go domhanda.
Bigí linn ar an 11 Meán Fómhair chun páirt a ghalcadh san aistear iontach seo.
Clárú chun freastal anseo: https://www.eventbrite.ie/e/outward-tickets-957022830047