Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Lánaí Bhéal an Átha a Athshamhlú: Cur Chuige Cruthaitheach i Leith Acmhainneacht Aeráide

Scroll
min read

Lánaí Bhéal an Átha a Athshamhlú: Cur Chuige Cruthaitheach i Leith Acmhainneacht Aeráide

min read

14/08/24

Lánaí Bhéal an Átha a Athshamhlú: Cur Chuige Cruthaitheach i Leith Acmhainneacht Aeráide

D’iarramar ar Rebecca O’Malley ó Lárionad Bailte Éireann COBÁC sinn a chur ar an eolas faoi dhul chun cinn an tionscadail chruthaithigh ar son na haeráide ‘Cascade’ i mBéal an Átha.

Tá sé mar aidhm ag ‘Cascade’, atá lonnaithe i mBéal an Átha, Co. Mhaigh Eo, a fheiceáil conas is féidir le lánaí i lár ár mbailte stairiúla oiriúnú chun déileáil le báistí méadaithe mar gheall ar an athrú aeráide, ar bhealach a dhéanann na spásanna poiblí roinnte seo níos comhtháite agus níos áille go sóisialta.

Tagraíonn ‘Cascade’ ní hamháin don uisce a shreabhann síos na foirgnimh ar na lánaí seo, ach don tógáil acmhainne a shíolróidh trí phobail de réir mar a chruthóidh siad cosáin nasctha de spásanna comhtháite atá acmhainneach ó thaobh aeráide de a cheiliúrann uisce.

I mí an Mhárta thionóil muid ár gcéad cheardlann ‘Storymapping’ in Ionad Mháire Mhic Róibín, áit ar bhailigh muid scéalta, eispéireas agus léargas ó mhuintir Bhéal an Átha. Theastaigh uainn tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-idirghníomhaíonn daoine lena mbaile – conas a d’athraigh sé le himeacht ama, na réimsí a thaitníonn leo nó a sheachnaíonn siad, agus an tionchar a bhíonn ag an aimsir, go háirithe báisteach, ar cá háit a roghnaíonn siad dul nó fanacht. Ba chéad chéim thábhachtach í an cheardlann seo chun an gaol idir daoine, áit agus uisce a thuiscint.

An lá dár gcionn, bhí gníomhaíocht áitbhunaithe ar siúl againn ar Lána Kathleen Lynn. Anseo, rinneamar suirbhé mionsonraithe ar an lána, ag gabháil sonraí ar a riocht fisiciúil, agus ag an am céanna ag bailiú tuairimí agus taithí mhuintir an bhaile, na n-úinéirí gnó agus na ndaoine a thaistil thar nais. Phléamar an chaoi a n-úsáidtear an lána faoi láthair, nó a mbaintear mí-úsáid as, agus rinneamar a shamhlú go bhféadfaí é a athrú.

De réir mar a d’fhéachamar ar an lána, ba léir an nasc idir uisce agus an timpeallacht uirbeach. Chonaiceamar an chaoi a dtagann an t-uisce ina shruth anuas na foirgnimh, ag bailiú i locháin, agus a shlogann sé isteach sa chloch máguaird – ag cruthú gnáthóg nádúrtha do raithneach agus caonach, agus ag cur béime ar áilleacht agus ar dhúshláin bhonneagar an bhaile.

Chomh maith lenár gceardlanna agus suirbhéanna, rinneamar ceistneoir ar fud an bhaile freisin. Roinn muintir an bhaile a gcuid smaointe maidir le conas a d’fhéadfadh ‘Cascade’ cabhrú leo beart a dhéanamh ar an athrú aeráide, agus cé na réimsí i mBéal an Átha is mó a bhfuil gá acu le feabhsú, dar leo.

Chruthaigh foireann ‘Cascade’ comharthaí agus póstaeir ‘Storymaps’, gach ceann acu le cód QR a nascann le sraith gníomhaíochtaí feadh ár rian lánaí. Déanann na ‘Storymaps’ seo achoimre ar an léargas a bhailíomar ó mhuintir an bhaile go dtí seo, agus tá siad ar taispeáint ar fud lánaí Bhéal an Átha.

Chun teacht leis an méid thuas, chruthaíomar taispeántas faoin aer a thaispeánann cás-staidéir oidhreachta agus comhaimseartha inar comhtháthaíodh bainistíocht uisce isteach i gcreatlach uirbeach.

Chuireamar boscaí poist ar fáil freisin, ag tabhairt cuireadh do dhaoine a gcuid scéalta a roinnt faoi na lánaí nó feabhsuithe a mholadh. Baileofar na tuairimí seo go dtí mí Dheireadh Fómhair, agus beidh ról lárnach acu i múnlú phlean idirbheartaithe do thodhchaí lánaí Bhéal an Átha.

I mí na Bealtaine agus mí an Mheithimh, bhailigh foireann ‘Cascade’ thar dhá lá chun ransú smaointe a dhéanamh agus chun smaointe ‘demonstrator’ féideartha a phlé. Ag baint leasa as na seisiúin seo agus as na smaointe a chuir an pobal leis, cruthóidh an fhoireann suiteáil ‘demonstrator’ i gceann de na lánaí chun tuairim a thabhairt ar cad is féidir a bhaint amach.

Leanadh lenár rannpháirtíocht le linn Cheardlann Chomhdhearaidh i mí Iúil, a reáchtáladh mar chuid d’Fhéile Bhradáin Bhéal an Átha. Anseo, tháinig muintir an bhaile le chéile chun smaointe, dóchas agus mianta do na lánaí a roinnt. Rinneamar iniúchadh ar bhealaí chun na spásanna seo a dhéanamh níos fáiltiúla agus níos sóisialta, agus ag an am céanna conas iad a chosaint don todhchaí i gcoinne tionchar an athraithe aeráide. Lá lán le plé, cruthaitheacht, agus spiorad pobail a bhí ann, ina raibh seisiún poiblí le cinnteoirí áitiúla ar rannpháirtíocht agus daonlathas, ceol beo ó Nessa Music, agus ceardlann graifítí don aos óg faoi stiúir an ealaíontóra áitiúil Emma Donoghue.

 

 

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×