Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Cartlann Ealaíonta Bheo ina dtugtar guthanna le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar Abhainn an Ghleanna agus a hoidhreacht éiceolaíoch

Scroll
3 min read

Cartlann Ealaíonta Bheo ina dtugtar guthanna le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar Abhainn an Ghleanna agus a hoidhreacht éiceolaíoch

3 min read

1/08/24

Cartlann Ealaíonta Bheo ina dtugtar guthanna le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar Abhainn an Ghleanna agus a hoidhreacht éiceolaíoch

With World Water Day happening on Friday 22nd March, now is the ideal time to celebrate water as a precious shared resource.

Seo an t-am is fearr, agus Lá Domhanda an Uisce ag tarlú ar Dé Domhnaigh 24ú Márta, chun ceiliúradh a dhéanamh ar uisce mar acmhainn luachmhar chomhroinnte. Tá gá níos mó ná riamh lenár lorg uisce a laghdú, agus réigiúin thur an domhain ag éirí níos tirime agus méadú ag teacht ar ghalú agus trasghalú plandaí mar gheall ar theochtaí méadaithe. In ainneoin thromchúis ár ngéarchéime reatha uisce, tá gníomhartha fóinteacha ann ar féidir iad a ghlacadh ag leibhéil an phobail agus an duine araon.

 

Ceann de na gníomhartha coiteanna sin ná próifíliú Abhainn an Ghleanna, Co. Chorcaí. ‘Glen of the Spooks’ a glaodh ar an tionscadal tráth, ach anois is é ‘Gleann a’ Phúca’ ainm an tionscadail, mar théarma don rannpháirtíocht le Páirc Abhainn an Ghleanna. Le Gleann a’ Phúca déantar ceiliúradh ar oidhreacht éiceolaíoch chúltúrtha thionsclaíoch stairiúil atá ann laistigh den ghleann oighreach agus páirc uirbeach seo i gCathair Chorcaí. Tá sé mar aidhm le ‘Gleann a’Phúca’ ábhar a dhoiciméadú, a chomhchruthú agus a fhorbairt lena ndéanfar aitheantas a chothú agus feasacht a shaibhriú ar Abhainn an Ghleanna, agus chun guthanna a thabhairt le chéile chun a háit sa chathair a cheiliúradh in intinn úsáideoirí na páirce.

 

Beidh suíomh gréasáin Gleann a’ Phúca ina thionscadal ealaíne ar líne – cartlann ealaíonta bheo agus taisclann ghníomhaíochta cruthaithí i bPáirc Abhainn an Ghleanna. I mblag leanúnach, arna choimeád ag an gceannealaíontóir, Julie Forrester, beidh ábhar leanúnach ó ealaíontóirí, éaneolaithe, éiceolaithe, gníomhaithe athraithe aeráide agus díograiseoirí an Ghleanna. Labhair muid le Julie faoin tionscadal uathúil seo.

 

C: Cad as ar tháinig ‘Gleann a’Phúca’?

 

Julie: D’eascair ‘Gleann a’Phúca’ ó thionscadal domhain léarscáilíochta a thosaigh mé i rith dhianghlasála na paindéime. Bhí mise mar pháirt de ghrúpa daoine a mealladh isteach sa ghleann abhann seo, agus a bhí ag tabhairt faoi phiocadh bruscair sa pháirc. Bhí mé ag cloisteáil faoi na ceangail a bhí ag siúlóirí difriúla leis an áit agus chomh maith bhí mé ag foghlaim faoi oidhreacht shaibhir thionsclaíoch chultúrtha na páirce. Chuir mé leathanach Facebook ar bun, ‘Cairde an Ghleanna’, áit inar chuir muid fógraí suas maidir le imeachtaí pioctha bruscair a bhí ag teacht aníos agus ár ndul chun cinn maidir leis an abhainn a ghlanadh. Thosaigh an leathanach seo de bheith ina áit bhailiúcháin le haghaidh scéalta agus nithe faoin Ghleann a d’aimsigh muid. Bhí blag á choinneáil agam, ‘Scéalta le Nádúr – Dialanna Abhainn an Ghleanna’, ina raibh mé ag coinneáil taifead ar mhionchúrsaí mo cheangail leis an áit. Is as sin a tháinig an tionscadal domhain léarscáilíochta ar a ghlaoitear ‘Gleann a’Phúca’ anois.

 

C: Tá sé sin an-suimiúil! De réir mar a chuaigh an t-am thart, conas a d’fhorbair an tionscadal?

 

Julie: Thug mé faoi deara, agus mo cheangal leis an bpáirc ag láidriú, go raibh próifíl níos mó de dhíth ar Abhainn an Ghleanna sa chathair chun gur féidir á héiceolaíocht uathúil a aithint agus í a chosaint ó fhorbairt uirbeach atá ag brú isteach uirthi. Thug mé cuireadh d’ealaíontóirí eile freagra a thabhairt ar an áit trí ghairm oscailte ar léirithe spéise. Thug níos mó ná 30 ealaíontóir freagra agus roghnaíodh seisear chun moltaí do rannpháirtíocht phoiblí a dhéanamh dá smaointe. Anois, bhí mo ról mar ealaíontóir ag athrú ina ról mar eagraitheoir. Bhí mé ag dul i dtreo an ghníomhaíochais chomh maith.

 

www.gleannnaphuca.ie

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×