Skip to main content
Photo Darragh Kane


Nuacht

Maoiniú bronnta ar Music Generation, Macnas, Fighting Words, Narrative 4, Extern Northern Ireland agus Tallaght Community Arts i leith Chomhpháirtíochtaí Óige Ildánach ar Oileán Comhroinnte.

Scroll
min read

Maoiniú bronnta ar Music Generation, Macnas, Fighting Words, Narrative 4, Extern Northern Ireland agus Tallaght Community Arts i leith Chomhpháirtíochtaí Óige Ildánach ar Oileán Comhroinnte.

min read

29/07/24

Maoiniú bronnta ar Music Generation, Macnas, Fighting Words, Narrative 4, Extern Northern Ireland agus Tallaght Community Arts i leith Chomhpháirtíochtaí Óige Ildánach ar Oileán Comhroinnte.

Maoiniú bronnta ar Music Generation, Macnas, Fighting Words, Narrative 4, Extern Northern Ireland agus Tallaght Community Arts i leith Chomhpháirtíochtaí Óige Ildánach ar Oileán Comhroinnte.

• €1,070,112 bronnta ar thionscnaimh chruthaitheacha do pháistí agus daoine óga ina gcónaí ar fud oileán na hÉireann mar pháirt de ghné an Oileáin Chomhroinnte de chlár Éire Ildánach.

• Idir Bhaile Átha Cliath agus Béal Feirste, Aontroim agus Gaillimh agus go leor áiteanna eile, tá tionscadail á ndearadh chun naisc a chruthú, tuiscint a chothú agus cairdis fhiúntacha a chothú.

• Maoiniú bronnta ar 6 thionscadal éagsúla chun daoine óga a thabhairt le chéile.

• I measc na dtionscadal tá malartú scéalta miotasacha, mórshiúil úrnua á gcruthú, tionscadail chónaitheacha oiliúna sciobtha ceoil, scéalaíocht agus léirithe amharclannaíochta idirghníomhacha.

Inniu d’fhógair an Taoiseach, Simon Harris TD, agus an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, go mbronnfar maoiniú ar 6 thionscadal rathúla de chuid Óige Ildánach ar Oileán Comhroinnte mar pháirt de ghné an Oileáin Chomhroinnte de chuid Chlár Éire Ildánach 2023-2027.

Tá níos mó ná €1 milliún ar an iomlán leithdháilte ar eagraíochtaí a rachaidh i gcomhar le heagraíochtaí a bhfuil ar aon intinn leo, ó Thuaidh agus ó Dheas ar oileán na hÉireann, chun páistí agus daoine óga a thabhairt le chéile le comhar, comhthuiscint agus dóchas faoin todhchaí a chothú trí rannpháirtíocht dhíreach i dtionscadail chruthaitheacha.

Cruthaíodh na tionscadail rathúla mar thoradh ar chomhairliúchán díreach le páistí agus daoine óga, agus i measc na dtionscadal sin tá:

• “To the Power of Three” atá faoi stiúir Tallaght Community Arts. Sa mhalartú chruthaitheach seo idir dhaoine óga i nDoire, Baile Átha Cliath agus Loch Garman, úsáidtear taibhiú chun plé a dhéanamh ar thábhacht an cheangail chultúrtha, an éagsúlachta, bród as d’áit dhúchais agus caidé ata i gceist lena bheith i do dhuine óg ar oileán na hÉireann sa lá atá inniu ann.

• “The Shared Island Songwriting Project” sraith ceártaí cónaitheacha le páistí agus daoine óga ó Laois, Uíbh Fhailí, agus fud fad Thuaisceart Éireann. Faoi stiúir Music Generation Laois, críochnóidh an tionscadal le cruthú 12 saothar úrnua a chuirfear i láthair ag féilte agus in ionaid ealaíon.

• “Living Legend”, ar thionscadal scéalaíochta trasteorann é ina ndírítear ar thírdhreach miotasach Oileáin Árann agus Clochán an Aifir le haghaidh spreagtha. Tá sé faoi stiúir Narrative 4 a bhaineann úsáid as athinscint scéalta daoine eile chun comhbhá a chruthú, steiréitíopaí a scrios agus bacainní a shárú.

• “Future Parade” de chuid Macnas, lena dtugtar daoine óga ó Bhéal Feirste agus Gaillimh le chéile i gcomhair sraith ceardlanna agus eispéiris chónaitheacha chun mórshiúil a chruthú ina ndéantar ceiliúradh ar a gcruthaitheacht choiteann.

• Extern Northern Ireland, atá ag obair le 20 duine óga ó cheantar Bhéal Feirste agus Baile Átha Cliath, a bhfuil riachtanais iomadúla chasta acu trí spás sábhailte a chur ar fáil dóibh chun a scéalta a insint trí theicnící de chuid Theatre of the Oppressed.

• “Creative Connections – Shared Writing Across the Island” le Fighting Words, a rachaidh i gcomhar le páistí agus daoine óga d’aois 15-24 ó phobail ó gach cearn den oileán trí thionscnaimh cheangailte scríbhneoireachta cruthaithí, cosúil le scríbhneoireacht scripte, filíocht, prós, agus cumadh amhrán.

Taoiseach, Simon Harris TD

"Tá raon leathan foirmeacha ealaíne agus deimeagrafaice i gceist leis na tionscadail seo, lena léirítear éagsúlacht, cruthaitheacht agus cumas daoine óga ar fud oileán na hÉireann. "

Dúirt an Taoiseach, Simon Harris TD:

“Is cúis áthais dom maoiniú €1 milliún ar an iomlán a fhógairt i leith 6 thionscadal faoi scéim Óige Ildánach ar Oileán Comhroinnte. Tá raon leathan foirmeacha ealaíne agus deimeagrafaice i gceist leis na tionscadail seo, lena léirítear éagsúlacht, cruthaitheacht agus cumas daoine óga ar fud oileán na hÉireann. Le gach ceann de na 6 thionscadal atá á maoiniú, cruthófar naisc nua idir ár ndaoine óga agus cabhrófar le todhchaí chomhroinnte a chruthú ar an oileán seo.”

Dúirt an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Micheál Martin TD:

“Cuirim fáilte ó chroí roimh an maoiniú seo i leith tionscadail Óige Ildánach de chuid Oileáin Chomhroinnte. Is é atá i gceist le tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte ná naisc a chothú idir phobail agus idir dhaoine, agus imreoidh na tograí samhlaíocha seo ó ghrúpaí óige ar fud na hÉireann fíorthionchar i leith naisc fhiúntacha a chruthú.

Is léiriú é seo ar dhúthracht agus díocas pobal chun oibriú lena chéile, ó Thuaidh agus ó Dheas. Tá mé ag súil go mór le fíorú na dtionscadal cruthaitheach seo sna míonna agus sna blianta amach romhainn.”

Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, agus í ag labhairt inniu:

“Tá tionscnamh Oileáin Chomhroinnte de chuid an Rialtais ag tacú le rannpháirtíocht ó gach pobal agus traidisiún chun comhdhearcadh ar thodhchaí chomhroinnte a chothú. Tá sé an-tábhachtach go bhfuil ról suntasach acu siúd ar leo todhchaí an oileáin seo sa tionscnamh seo. Bhí sé go hiontach caighdeán agus líon na n-iarratas a fuarthas a fheicéail, ó raon éagsúil comhpháirtíochtaí. Mar sin, is mór an pléisiúr dom maoiniú breise ar fiú níos mó ná €1 milliún é a fhaomhadh i leith sé thionscadal cruthaitheacha i bhfad agus i gcéin agus tá mé ag súil go mór le éachtaí na bpobal óg seo a fheiceáil.”

Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD

"Tá sé an-tábhachtach go bhfuil ról suntasach acu siúd ar leo todhchaí an oileáin seo sa tionscnamh seo."

Nótaí chuig an Eagarthóir:

Clár Éire Ildánach

Is clár cultúir agus dea-bhaile uile-rialtais é Éire Ildánach a bhfuil sé mar fhís leis gur cheart go mbeadh an deis ag gach duine in Éirinn barr a gcumais chruthaithigh a bhaint amach. https://creativeireland.gov.ie

Gné an Oileáin Chomhroinnte de chuid Chlár Éire Ildánach

Tá sé mar aidhm ag gné Oileáin Chomhroinnte de Chlár Éire Ildánach an chruthaitheacht a úsáid ar bhonn oileáin chomhroinnte chun: deiseanna do thionscnaimh chruthaitheacha trasphobail idir leanaí agus daoine óga a mhéadú; tacú le húdaráis áitiúla chun líonraí cruthaitheachta a fheabhsú mar thaca le comhpháirtíochtaí bríomhara agus cuimsitheacha idir dhaoine agus idir phobail; Éire a chur chun cinn mar cheannaire domhanda i leith luach na cruthaitheachta agus na meabhairshláinte a léiriú i sochaithe iar-choinbhleachta; comhoibriú a dhoimhniú le haghaidh oileán atá níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil agus na sochaí de.

Tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte

Is tosaíocht uile-Rialtais é tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte chun gach pobal agus traidisiún polaitiúil a spreagadh chun comhdhearcadh a thógáil ar thodhchaí chomhroinnte ar an oileán, le Comhaontú Aoine an Chéasta mar bhonn taca léi. Tacaíonn Ciste an Oileáin Chomhroinnte de chuid an Rialtais le tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte, le €1 billiún ar a laghad suas le 2030 imfhálaithe chun gealltanais agus cuspóirí, atá sa Chlár Rialtais agus sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030 athbhreithnithe, a thabhairt i gcrích; agus déantar eolas don tionscnamh trí chlár rannpháirtíochta le daoine ar fud an oileáin trí shraith Idirphlé an Oileáin Chomhroinnte agus trí chlár cuimsitheach taighde polasaí, trína dtugtar bonn fianaise agus anailís níos láidre ar oileán na hÉireann thar raon réimsí eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta. Tá tuilleadh eolais faoi Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte, tionscadail a bhaineann le Clár Éire Ildánach san áireamh, ar fáil ag www.gov.ie/sharedisland.

Stay up to date

×