Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Blag faoin tSláinte agus faoin bhFolláine Chruthaitheach sa Phobal

Scroll
min read

Blag faoin tSláinte agus faoin bhFolláine Chruthaitheach sa Phobal

min read

24/07/24

Blag faoin tSláinte agus faoin bhFolláine Chruthaitheach sa Phobal

I mí Feabhra 2024, d’iarr Clár Éire Ildánach iarratais ó Údaráis Áitiúla ar mhaoiniú deontais do thionscadail a thacaíonn le Sláinte agus Folláine trí Chruthaitheacht le linn 2024 agus 2025. Spreag an glao comhoibriú le hÚdaráis Áitiúla máguaird. D’éirigh le 15 thionscadal sláinte agus folláine chruthaitheach sa phobal. Ina measc seo tá ceithre thionscadal uile-oileáin ar tugadh tacaíocht dóibh mar chuid de Thionscnamh Oileán Comhroinnte, ina n-oibreoidh Údaráis Áitiúla le comhpháirtithe i dTuaisceart Éireann. Sa chéad cheann den tsraith blaganna seo, roinnimid sonraí leat faoi dhá cheann de na tionscadail spreagúla agus thábhachtacha seo agus iad ag tosú.

Make or Break

Comhairle Chontae Chorcaí i gcomhpháirtíocht le Comhairle Chontae Chiarraí

Is é aidhm Make or Break clár folláine cruthaithí a fhorbairt agus a sholáthar ar féidir teacht air tríd an ionad oibre ag am lóin. Trí dheis a thabhairt d’fhostaithe úsáid a bhaint as an gcruthaitheacht agus idirghníomhú go sóisialta, spreagfaidh an clár cultúr na cruthaitheachta san ionad oibre le béim ar an gcomhoibriú agus an nuálaíocht.

Dearadh Make or Break chun braistint fholláine a chur chun cinn agus a mhéadú i measc na foirne. Déanfaidh aiseolas agus roghanna na rannpháirtithe eolas don tionscadal, agus déanfar é a thástáil agus a mheas trína rannpháirtíocht ghníomhach.

Ag tógáil ar fhoghlaim Chomhairle na Cruthaitheachta; clár píolótach am lóin de ghníomhaíochtaí rannpháirtíochta cruthaitheacha ar phríomhchampas Chomhairle Chontae Chorcaí, déanfar an tionscadal seo a mhéadú agus a sheachadadh i gcomhpháirtíocht le Comhairlí Chontae Chorcaí agus Chiarraí, Éire Shláintiúil, FSS agus Dánlann Crawford. Beidh comhordaitheoir tionscadail i gceannas ar an tionscnamh, a sheachadfar i gcomhairle le cleachtóirí cruthaitheacha gairmiúla a chuir ceardlanna ardchaighdeáin ar fáil go dtí seo.

Beifear in ann teacht ar Make or Break tríd an ionad oibre i gComhairlí Chontae Chorcaí agus Chiarraí, campais FSS agus tríd an earnáil phríobháideach, agus é mar aidhm aige 168 ceardlann a sholáthar do 338 duine in 14 ionad thar dhá bhloc 6 seachtaine i ngach láthair.

In 2025, déanfar an tionscadal a mhéadú chun ceardlanna sa tionscal príobháideach a mhaoiniú.

Let’s Get Social DLR:

naisc chruthaitheacha a chruthú agus cuimsitheacht a spreagadh ar fud an chontae – Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin (DLR).

Creat nuálach é Let’s Get Social a thógann ar chláir reatha sláinte agus folláine DLR. Forbrófar ann tionscnaimh ina rachfar i gnleic le haonrú sóisialta do dhaoine níos sine, d’imircigh agus dóibh siúd a bhfuil drochthionchar ag dúshláin sláinte orthu.

Áireofar ar na gníomhaíochtaí síneadh a chur le clár Caiféanna Cruthaitheacha, agus é mar aidhm 62 caifé a sheachadadh thar 2024 agus 2025. Ag tógáil ar an gcomhpháirtíocht rathúil le Foireann Oideasú Sóisialta Chomhpháirtíocht Theas DLR, tacaíonn an clár le rannpháirtithe trí iad a nascadh go sóisialta le daoine eile agus le spásanna pobail agus cultúrtha DLR. Ina theannta sin, forbrófar sraith nua de Chaiféanna Cruthaitheacha alumnais démhíosúla thar an dá bhliain.

Leanfaidh sraith cainteanna/podchraoltaí Creative Brainwaves ar aghaidh freisin agus tá naoi n-imeacht beartaithe. Arna coimeád ag foireann Global Brain Health Institute, scrúdóidh an tsraith conas is féidir leis na healaíona cruthaitheacha sláinte inchinne a fheabhsú le rannpháirtíocht ó néar-eolaithe, taighdeoirí agus ealaíontóirí cruthaitheacha.

Soláthróidh an Oifig Ealaíon seisiúin forbartha gairmiúla um fhorbairt acmhainne freisin. Cuimseoidh siad seo ceardlanna saincheaptha do dhaoine cruthaitheacha, gairmithe cúram sláinte, agus ceithre thionscadal chruthaitheacha phíolótacha i suíomhanna cúram sláinte/pobail a oibreoidh leis an bpobal níos sine, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil néaltrú orthu.

Ar deireadh, déanfar píolótú ar dhá chlub nua taibh-ealaíona agus iad á stiúradh ag Clár a Thacaíonn le Daoine Níos Sine agus an Aonad DLR um Chuimsiú Sóisialta. Díreoidh siad seo orthu siúd atá i bpobail ghníomhacha scoir agus ICI/imirceach. Seachadfaidh gairmithe ealaíon ardoilte na ceardlanna seo.

Tríd an gclár uaillmhianach seo, tacóidh Let’s Get Social DLR le rannpháirtithe stíleanna maireachtála agus iompair shláintiúla a ghlacadh, aosú dearfach a chumasú ar fud an chontae, cur le feabhas ar fholláine mheabhrach agus choirp na rannpháirtithe trí na healaíona agus an gcultúr, méadú ar líon na n-ealaíontóirí cruthaitheacha/ealaíontóirí a bhfuil taithí acu oibriú i gcomhthéacs cúram sláinte agus pobail, agus eolas níos fearr a chumasú laistigh den earnáil cúram sláinte agus den phobal i gcoitinne faoi thionchair dhearfacha na cruthaitheachta dár ndaonra atá ag dul in aois.

 

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×