Skip to main content
Climate Action Meeting in Crossmolina Co Mayo. Picture: John o'Grady.

Náisiún
Ildánach

Ag tógáil naisc uile-oileáin agus ag iniúchadh ról na cruthaitheachta chun tacú le hacmhainneacht aeráide 

Scroll
min read

Ag tógáil naisc uile-oileáin agus ag iniúchadh ról na cruthaitheachta chun tacú le hacmhainneacht aeráide 

min read

22/07/24

Ag tógáil naisc uile-oileáin agus ag iniúchadh ról na cruthaitheachta chun tacú le hacmhainneacht aeráide 

Reáchtáil tionscadal BluePrint Éire Ildánach Ceardlann Foghlama agus Malartaithe Uile-Oileáin san Ionad Fiontraíochta i Crois Mhaoilíona, Co. Mhaigh Eo ar an 5 Iúil 2024. D’éirigh leis an imeacht naisc a chruthú agus malartú a chothú idir ionadaithe pobail i Maigh Eo (Cros Mhaoilíona), Doire (An Mhagh) agus Tír Eoghain (An Baile Nua), chomh maith le comhpháirtithe eolaíocha, cleachtóirí cruthaitheacha, agus ionadaithe rialtais.

Leag rannpháirtithe pobail a raibh baint acu le tionscadal BluePrint béim ar luach phróiseas rannpháirtíocht chruthaitheach leanúnach chun taithí  a roinnt agus cumhacht ionchasach an aschuir a d’fhéadfadh a bheith ann chun tacú le cumarsáid riosca aeráide níos leithne le pobail agus le lucht cinnteoireachta. Roinneadh ceachtanna sa cheardlann ar phróisis na rannpháirtíochta cruthaithí i dtionscadail eile a mhaoiníonn Éire Ildánach lena n-áirítear Ripple agus Immersion, agus bhí deis ag rannpháirtithe pobail páirt dhíreach a ghlacadh i ngníomhaíocht chruthaitheach, arna éascú ag ealaíontóir thionscadal Wilderland.

D’óstáil rannpháirtithe Chrois Mhaoilíona aíonna ar shiúlóid fhaisnéiseach timpeall a mbaile ar bhruach na Daoile ag cur béime ar thionchar na dtuilte, agus ar bhearta oiriúnaithe reatha agus beartaithe. D’inis rannpháirtithe scéalta faoi dhúshláin agus faoi éachtaí a bpobal chun teacht aniar a thógáil i leith tuilte agus athrú aeráide. Leagadh béim sna cainteanna ar an ról tábhachtach atá ag na grúpaí faoi stiúir áitiúil, amhail Grúpa Gníomhaíochta Tuile Chrois Mhaoilíona, an tseirbhís dóiteáin áitiúil, agus Grúpa Acmhainneachta Tuilte na Maí, maidir le rabhaidh a scaipeadh agus tacú le gníomhaíocht luath, amhail geataí tuilte a shuiteáil, málaí gainimh a dháileadh agus cabhrú le baill leochaileacha den phobal.

Rinne na rannpháirtithe machnamh ar an gcaoi ar chuidigh an t-imeacht ​​le naisc a thógáil, eolas áitiúil a chomhtháthú agus tacú le rannpháirtíocht ilghnéitheach agus trasdisciplíneach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin tuilte agus aeráide a léiriú, chomh maith leis an tábhacht a bhaineann le fanacht dóchasach agus dearfach chun teacht ar réitigh a chothaíonn acmhainneacht an phobail.

“Bhí nascadh agus éisteacht leis na daoine eile a mbíonn tionchar ag tuilte orthu thar a bheith úsáideach agus osclaíonn sé an doras isteach i spás cruthaitheach chun cabhrú le tuilte a thuiscint agus a mhaolú agus ullmhú dóibh.” Ionadaí Pobail thionscadal BluePrint

“Chabhraigh an taithí seo liom luach na n-ealaíon agus na cruthaitheachta a thuiscint chun dul i ngleic go bríoch le pobail atá buailte ag tuilte. Is rud é seo a bhféadfadh Crois Mhaoilíona leas a bhaint as, agus fáiltím roimhe amach anseo.” An Comhairleoir Michael Loftus

Tá foireann thionscadal BluePrint ag tnúth le tuilleadh malartaithe a eagrú idir Crois Mhaoilíona, an Baile Nua agus an Mhagh tríd an imeacht taispeántais i nDoire níos déanaí i mbliana agus leanfaidh siad ag obair le rannpháirtithe chun tacú le forbairt Uirlisí Comhchruthaithe BluePrint.

D’eagraigh MaREI, an Lárionad Taighde um Fhuinneamh, Aeráid agus Muir i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh an t-imeacht mar phríomh-chomhpháirtí thionscadal BluePrint i gcomhar le comhpháirtithe tionscadail Chomhairle Chontae Mhaigh Eo, Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin agus The Playhouse Derry. I measc na gcomhoibrithe áitiúla don imeacht bhí Clár Seirbhísí Pobail Chrois Mhaoilíona do Chomhairle Pobail Chrois Mhaoilíona agus an Oifig Réigiúnach um Ghníomhú ar son na hAeráide ar Chósta Atlantaigh an Tuaiscirt.

Faigheann tionscadal BluePrint maoiniú ón gCiste um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide, tionscnamh de chuid Chlár Éire Ildánach. Tá sé maoinithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán i gcomhar leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoin Tionscadal, tabhair cuairt ar https://www.marei.ie/project/blueprint/

Stay up to date

×