Skip to main content


Nuacht

Cas Amhrán maidir leis na Dugthailte

Scroll
2 min read

Cas Amhrán maidir leis na Dugthailte

2 min read

3/07/24

Cas Amhrán maidir leis na Dugthailte

I mí na Bealtaine 2023, cuireadh ceithre amhrán le Cas Amhrán maidir leis na Dugthailte a cruthaíodh i gcomhar le háitritheoirí Dhugthailte Bhaile Átha Cliath, ar stáitse in Amharclann Bhord Gáis, oíche lenar bhain ceol agus ceiliúradh.

Bhí comhairliúchán leis na pobail áitiúla seo lárnach ó thaobh an t-imeacht a chur ar stáitse, agus comhchruthaíodh gach aon cheann de na ceithre amhrán le scoileanna, grúpaí óige, áitritheoirí agus grúpaí pobail eile.

Is iad Cór Scoile Kings Hospital, Cór na nÓg, Cór Guinness agus Cór Choláiste Ghort Mhuire a chas na hamhráin; cóir cleamhnaithe go léir Sing Ireland.

Is ag an stiúrthóir idirnáisiúnta mór le rá, David Brophy, a bhí an fhís agus a bhí i mbun coimeádaíochta ar Cas Amhrán maidir leis na Dugthailte. Bhí an Stiúrthóir Ceoil, David Hayes i mbun stiúrtha ar an oíche agus áiríodh ar aíonna a d’fhreastail ar an ócáid, Jerry Fish, an DJ Robbie Kitt agus Ciaran Kelly. Is ceiliúradh a bhí ann i ndáiríre maidir le scéalta agus pobail na nDugthailte, ceantar a chuimsíonn an Rinn, an Baile Gaelach, Cé na Cathrach agus Duga na Canálach Móire ar an taobh theas, agus Sráid an tSirriam, an Port Thuaidh agus an Port Thoir ar an taobh ó thuaidh.

Declan Byrne, iar-dhugaire"

"Tá sé seo chomh difriúil ón méid a bhíonn idir lámha agam de ghnáth. Teastaíonn uaim teachtaireacht dhearfach a chur trasna. Sin a theastaíonn uaim a dhéanamh"

Carmel Whelan, cumadóir agus amhránaí."

"Ní theastaíonn ó dhuine ar bith go ligfí i ndearmad iad. Baineann sé lena bheith i lár an aonaigh. Is faoi ionadaíocht é. Teastaíonn uainn cuimhne buan a bheith orainn ionas nach mbeidh rud éigin eile ligthe i ndearmad"

Dúirt duine amháin de na cumadóirí a bhí rannpháirteach, Carmel Whelan, go dteastaíonn uaithi go gcuirfeadh an cheardlann athrú ar an íomhá seanbhunaithe den ghiota seo de lár na cathrach i mBaile Átha Cliath. “Tá go leor dlúthpháirtíochta […] i gceantar atá ag athrú, tá sé fíorthábhachtach na scéalta a insint. Ní theastaíonn ó dhuine ar bith go ligfí i ndearmad iad. Baineann sé lena bheith i lár an aonaigh. Baineann sé le hionadaíocht.”

Ar na hamhráin a scríobhadh agus a casadh bhí:

The Point of the Tide le Max Greenwood do cheantar na Rinne agus an Bhaile Ghaelaigh

The Boat People of Grand Canal Dock le Alain Servant do cheantar na Canálach Móire agus Sráid an Phiarsaigh

The River Carries Us Home le Carmel Whelan agus Justine Nantale do Cheantar an Bhalla Thuaidh agus Sráid an tSirriam

Stay up to date

×