Iarrtar sa tionscnamh maidir le Pobail Ildánacha ar Oileán Comhroinnte go gcuirfear le taithí agus saineolas uaillmhianta reatha straitéiseacha thuaidh-theas agus thoir-thiar (Éire-an Bhreatain) na n-údarás áitiúil agus go n-athrófar ó bhonn iad go líonra comhoibríoch ar fud oileán na hÉireann. Tá sé beartaithe go n-aithneofar an chruthaitheacht ó dhúchas atá ag gach duine atá ina chónaí ar oileán na hÉireann agus go mbainfear úsáid aisti.
I gcomhréir le haidhmeanna thionscnamh Oileán Comhroinnte an Rialtais chun comhoibriú agus caidrimh thairbheacha a neartú ar fud oileán na hÉireann, tá gné Oileán Comhroinnte ar Chlár Éire Ildánach á cur i bhfeidhm ar an mbonn go bhfuil an ghné uile-oileáin nó thrasteorann lárnach do thionscadail agus go bhfuil gníomhaíocht shuntasach ar bun le comhpháirtithe agus daoine atá lonnaithe i dTuaisceart Éireann nó sa Bhreatain.
Cuirfear líon iomlán €2.25 milliún ar fáil faoin gciste agus táthar ag súil go leithdháilfear na suimeanna seo a leanas:
- Snáithe 1 : 4 x €250,000 (Bronnfar deontas amháin ar a laghad ar chomhpháirtíocht a bhaineann go sonrach leis an réigiún teorann)
- Snáithe 2 : 25 x €50,000
Lorgaítear sa Chlár tograí cruthaitheachta scála atá le cur i bhfeidhm idir Meán Fómhair 2023 – Samhain 2025 ó aon cheann de na 31 Foireann Cruthaitheachta agus Cultúir de chuid na n-údarás áitiúil sa dlínse atá ag obair i gcomhar le comhpháirtithe ar fud oileán na hÉireann nó sa Bhreatain. Leis na tograí ba cheart go dtabharfaí caidrimh nó líonraí reatha na n-údarás áitiúil le chéile nó ba cheart go mbeidís nuálach ó thaobh comhoibrithe cruthaitheachta/pobail faoi stiúir an údaráis atá nua agus áitiúil a chruthú.
Is féidir na nithe seo a leanas a bheith san áireamh sna comhpháirtithe iarratais.
- Institiúidí nó eagraíochtaí cultúir agus ealaíon
- Comharghrúpaí, líonraí agus eagraíochtaí cruthaitheachta lena n-áirítear líonraí uile-oileáin
- Comhlachtaí earnála poiblí lena n-áirítear údaráis áitiúla i dTuaisceart Éireann nó líonraí seanbhunaithe
- Carthanachtaí nó eagraíochtaí neamhbhrabúis
- Fiontair shóisialta
- Líonraí agus grúpaí pobail
- Cuideachtaí tráchtála gnó
- Comhlachtaí taighde agus daonchairdis lena n-áirítear ollscoileanna
- Pobail áite agus pobail chleachtais
- Daoine Aonair (i Snáithe 2 amháin)
Beidh seimineár gréasáin eolais ar siúl Dé Luain an 15 Bealtaine. Cláraigh anseo
Ní mór iarratas a bheith comhlánaithe ar líne agus curtha ar aghaidh trí Submit.com faoi Dé hAoine an 30 Meitheamh 2023.
Ba cheart aon cheist a chur isteach chuig creativeireland@tcagsm.gov.ie