Mar chuid den phlean, d’fhógair an tAire Catherine Martin pleananna chun Ciste um Chothú Óige Ildánach a sheoladh ar mhaithe le tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí atá in ann freastal ar ghrúpaí ar leith de dhaoine óga nach gcloistear go minic. Baineann sé sin le leanaí agus le daoine óga a bhfuil na nithe seo a leanas i gceist leo:
- Ag maireachtáil faoi mhíchumas fisiciúil nó faoi mhíchumas intleachta;
- Más teifigh nó iarrthóirí tearmainn iad;
- Ag maireachtáil agus deacrachtaí meabhairshláinte acu;
- Más duine ón LADTI+ iad;
- Más duine den Lucht Siúil nó den lucht Romach iad;
- Má tá siad laistigh den chóras cúraim nó ag aistriú ón gcóras cúraim; nó
- Má tá teagmháil acu leis an gcóras ceartais don aos óg/ le daoine atá curtha sa phríosún agus le hiar-chiontóirí.
Leis an gciste €500,000 seo, tacófar le 8-10 tionscnamh faoi stiúir an aosa óig thar thréimhse 18-24 mí agus cuirfear ar chumas leanaí agus daoine óga atá idir 6-24 bliain d’aois a bpaisin chruthaitheachta a chothú agus a n-acmhainn chruthaitheachta a bhaint amach.
Is é an 9 Meitheamh 2023 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais do Chiste um Chothú Óige Ildánach. Tá tuileadh eolais le fáil ar Submit.com