9/09/22
Éispéiris na ndaoine scothaosta á cheiliúradh ag taispeántas i Laois
Osclaíodh an taispeántas Fadó Faces le déanaí in Ionad Ealaíon Dhún Másc i bPort Laoise, agus é ag ceiliúradh saol agus scéalta na ndaoine scothaosta i gContae Laoise.
9/09/22
Osclaíodh an taispeántas Fadó Faces le déanaí in Ionad Ealaíon Dhún Másc i bPort Laoise, agus é ag ceiliúradh saol agus scéalta na ndaoine scothaosta i gContae Laoise.
Agus é ag taispeáint péintéireacht portráidí traidisiúnta agus ealaín dhigiteach a rinne rogha d’ealaíontóirí áitiúla cumasacha – Bronagh Conroy, Aishling Hennessy, Ray Murphy, Kevin McCann, Mike Rafter, Pauline Conroy, Antoinette Breen, Kate Deegan, Allen Scully, agus Mark Fisher – tá an taispeántas mar chuid den tionscnamh An Chruthaitheacht i measc Daoine Scothaosta de chuid Éire Ildánach i Laois 2022.
Ag labhairt dó faoin tionscadal cuimsitheach seo, dúirt an t-ealaíontóir agus an té a chruthaigh an taispeántas Kevin McCann:
“Tugann Fadó Faces aghaidheanna na ndaoine scothaosta inár gcontae le chéile agus táim an-sásta go bhfuil mé féin agus an naonúr ealaíontóirí eile atá i dtaispeántas na bliana 2022 in ann ómós a thabhairt arís do shaol ár suiteoirí, agus an portráidíocht mar sheánra ag ceangal na n-ealaíontóirí lena n-ábhair.”
Thosaigh sé amach sa bhliain 2021 mar thaispeántas ealaíne ‘tiomáin thairis’ amuigh faoin aer agus tá sé i gceist go leanfadh an tsraith Fadó Faces ar aghaidh ar feadh tréimhse chúig bliana go dtí 2025. Faoin am sin, beidh an tionscadal tar éis a bheith ag plé le 100 duine scothaosta i Laois – agus tabharfaidh sé seo cartlann shaibhir éagsúil dúinn sa deireadh le ceiliúradh a dhéanamh ar an saol agus ar na scéalta fíorluachmhara atá ag na daoine laistigh de phobal an chontae.
Ní tionscadal amharc-ealaíne amháin atá anseo toisc go gcaomhnaíonn Fadó Faces freisin an stair thábhachtacha béil atá ar fáil go háitiúil agus na healaíontóirí ag tógáil grianghraif agus ag taifeadadh scéalta pearsanta ó gach duine de na suiteoirí ag an am céanna. De bharr go dtugtar léargas ann ar na heispéiris uathúla a bhí ag daoine a d’fhás aníos sna 1930idí, sna 1940idí agus sna 1950idí, cuireann na taifeadtaí seo ar an eolas muid faoi na difríochtaí ollmhóra atá idir an saol a bhí ann ag an am sin agus saol an lae inniu. Oibríonn an taispeántas mar bhealach cruthaitheach leis na scéalta seo a insint agus, níos tábhachtaí fós, iad a chaomhnú.
Dúirt Oifigeach Ealaíon Laoise agus Comhordaitheoir Éire Ildánach, Muireann Ní Chonaill agus í ag cur síos ar an taispeántas gurb é atá ann “eispéireas ar leith ina bhféadfá teacht ar dhuine de do chomharsana nó b’fhéidir duine ar a bhfuil aithne súl agat, nó ar strainséir iomlán ó chuid eile den chontae. Tá brí ag baint leis nuair a bhíonn tú ag breathnú ar a bportráidí agus ag léamh a gcuid scéalta agus bíonn ceangail agat leo trína dtaithí bheo, bíodh siad ag caint faoi aoibhneas, faoi chailliúint nó cuimhní cinn.”
Fadó Faces: Oíche Chultúir
Chun Oíche Chultúir 2022 a cheiliúradh, beidh ceardlann sceitseála bheo le duine / suiteoir scothaosta á héascú ag an ealaíontóir Allen Scully ó Fadó Faces. Beidh sé ar siúl sa Ghailearaí in Ionad Ealaíon Dhún Másc Dé hAoine an 23 Meán Fómhair, 6pm-7.30pm.
Tá sé oiriúnach d’ealaíontóirí/do dhaoine cruthaitheacha i ngach aoisghrúpa agus le gach leibhéal taithí, níl le déanamh agat ach d’ábhar agus d’uirlisí féin a thabhairt leat, m.sh. leabhar sceitseála, páipéar, pinn luaidhe, srl, agus sásamh a bhaint as 90 nóiméad de sceitseáil bheo agus na suiteoirí ag cur staidiúir éagsúla orthu féin a mbeidh tú in ann breathnú orthu agus dul i mbun oibre leo.
Tá áirithint riachtanach toisc go bhfuil áiteanna teoranta, glaoigh ar Ionad Ealaíon Dhún Másc ar 057 866 3355 nó seol ríomhphost chuig info@dunamaise.ie
Beidh Fadó Faces ar siúl in Ionad Ealaíon Dhún Másc ón 19 Lúnasa – 30 Meán Fómhair 2022, Dé Máirt – Dé Sathairn, 10am – 5pm.
Stay up to date
×