Thug Invisible Thread Films treoir do na damhsóirí faoi mhodhanna scannánaíochta a d’fhéadfaí a thriail, seatanna éagsúla le húsáid agus an úsáid is féidir a bhaint as spásanna cúnga agus as tráthanna éagsúla den lá chun cineálacha éagsúla atmaisféir a chruthú.
Bella Cotter: Is iontach é an damhsa maidir le mothúcháin a chur in iúl ó tharla go mbíonn saoirse ag an damhsóir, ní hamháin an t-éadan a úsáid don chur in iúl, ach gach cuid den cholainn.
Cara McCrystal: Is dóigh liomsa gur rímhaith an modh cumarsáide an damhsa maidir leis na mothúcháin agus gur féidir racht a ligean ó tharla go gceadaítear don damhsóir an mianach atá ann féin a thabhairt chun cinn sa damhsa a dhéantar, mar a ligfí do dhalta i mbun ceapadóireachta ar scoil nó ag múnlú stíleanna agus modhanna oibre i rang ealaíne. Bíonn deis ag an damhsóir an croí agus an mianach sin a chur in iúl sa ghluaiseacht agus de réir mar a thagtar in inmhe mar dhamhsóir is ea is doimhne a théann sin. Bhí de dhúshlán ag rith leis an gcoraintín ag go leor daoine gur fágadh cuid mhór ama don choimhlint idir daoine agus don mhachnamh. Tá cuid mhór ar fearr go mór an aithne atá acu orthu féin mar gheall ar an tréimhse sin, agus is cinnte – tá ciall leis dáiríre – gur tháinig daoine ar roinnt den tuiscint nua trína gcuid gluaiseachta chomh maith.
Tá uaigneas an dealú óna chéile le braith ar an scannán a tháinig de thoradh an tsaothair mar atá freisin an ceangal cruthaitheachta idir na damhsóirí óga. Léirítear pointe ama faoi leith i saol an lucht damhsa agus ealaíne.
Bella Cotter: Is é an chaoi a bhfuil sé agamsa go gcoinníonn an damhsa cúrsaí struis i mo shaol faoi smacht, is féidir liom díriú go hiomlán air agus faoiseamh a fháil ó aon rud atá ag cur isteach orm. Bíonn deacracht agam nuair nach mbíonn stiúir ar an saol agam agus dul chun cinn, tugann an damhsa deis dom leathchois a leagan chun tosaigh ar an gceann eile agus cuidíonn sin liom a thuiscint go bhfuil smacht agam ar chúrsaí agus bíonn suaimhneas agam ó anró an tsaoil.
Cara McCrystal: Is dóigh liomsa gur iontach é an damhsa maidir leis an gcruthaitheacht a chur in iúl ó tharla nach bhfuil teorainn ar bith lenar féidir a fhéachaint ó thaobh cóireagrafaíochta agus gluaiseachta.