San obair a rinne Asbestos, fiosraíonn sé an mhíniú atá leis na mascanna agus chomh cumhachtach is atá siad mar shiombail. Tagann an focal ‘persona’ ó thraidisiún na hamharclainne sa Ghréig ina gclúdaíonn na haisteoirí a n-aghaidheanna le roinnt mascanna difriúla, agus dá réir athraíonn siad persona. Ar an mbealach sin, fiosraíonn siad persona difriúil le gach masc a bhíonn cruthaithe nó le gach fiosrú faoin gciall atá leis na mascanna. Sa chás seo, tá sé ag taispeáint daoine aonair a bhfuil an masc bainte díobh tar éis a bheith dhá bhliain taobh thiar de ‘bhacainn ghorm’.
Ag fáiltiú roimh léiriú na suiteála ar champas Ospidéal San Séamas, dúirt POF Ospidéal San Séamas Mary Day an méid seo: “Tá na baill foirne atá léirithe sa mhúrphictiúr ‘Unmasked’ ag déanamh ionadaíochta ar fhoireann iomlán Ospidéal San Séamas, agus go deimhin ar ár n-oibrithe cúram sláinte go léir ar fud na tíre, mar aitheantas ar a n-iarrachtaí dochloíte, a misneach, a ndíograis, a saineolas agus a gcomhbhá i soláthar seirbhísí cúraim sláinte d’othair agus do theaghlaigh i rith na paindéime.”
“Tá bród ar Fhondúireacht Ospidéal San Séamas a bheith comhpháirteach leis An Mol don Saol Cruthaitheach ag Institiúid Mercer um Aosú Bisiúil anseo ag Ospidéal San Séamas, agus na healaíona a úsáid chun tacú le folláine fhoireann an ospidéil agus ardú meanma a chothú. Tríd an tacaíocht seo, tá fianaise feicthe againn féin de na buntáistí a thugann na healaíona d’fholláine na foirne. Tugann ‘Unmasked’ onóir do láidreachtaí agus do leochaileachtaí ár bhfoireann túslíne agus ár ngairmithe cúram sláinte gaolmhara a rinne a míle dícheall i rith na paindéime, agus atá fós á dhéanamh. Dá bharr sin, beidh muid faoi chomaoin acu go deo,” a dúirt Dermot McEvoy, Cathaoirleach, Fondúireacht Ospidéal San Séamas.
“Mar chlár folláine uile-rialtais, aithníonn Éire Ildánach an chumhacht atá ag na healaíona i dtimpeallachtaí cúraim sláinte. Déanfaidh an Plean um Chur Chun Cinn na Meabhairshláinte atá ag an HSE treisiú ar ról na n-ealaíon agus na cruthaitheachta i gcur chun cinn na meabhairshláinte agus na folláine don fhoireann cúraim sláinte. Ní féidir liom aon sampla níos fearr de pholasaí a bheith á chur ina chleachtas ná an tionscnamh iontach seo. Níl anseo ach bronntanas beag ó Éire Ildánach chun buíochas a ghlacadh leis an bhfoireann ar fad in Ospidéal San Séamas as an méid a rinne siad i rith COVID-19, a dúirt Tania Banotti, Stiúrthóir Chlár Éire Ildánach.