Comhoibriú club
Cuirfidh an tionscadal béim ar rannpháirtíocht agus, in éineacht leis na healaíontóirí comhoibritheacha, oibreoidh Bohemian FC le pobail áitiúla chun scéalta, flóra agus guthanna áitiúla a ionchorprú.
Tionólfar gigeanna, aithrisí, cruinnithe pobail, turais siúlóide agus cruinnithe halla baile le linn 2022 chun forbairt an tionscadail a chur chun cinn, agus chun na pobail timpeall an bhealaigh a spreagadh chun dul i ngleic leis na dúshláin agus na deiseanna a chruthaíonn an t-aistriú aeráide.
Ag labhairt dó faoi Bhealach Bohemian, dúirt Bohemian FC COO Daniel Lambert:
“Tá ríméad orainn a bheith in ann oibriú le healaíontóirí áitiúla sa phobal agus tacú leo chun an tionscadal uaillmhianach seo a fhorbairt agus, tá súil againn, comhrá fiúntach a spreagadh faoinár dtodhchaí chomhroinnte i bhfianaise na géarchéime aeráide.
Tá go leor tar éis tarlú i mBaile Átha Cliath ó bhunaigh grúpa daoine nuálacha forásacha Bohs in 1890 a raibh eolas acu ar chumhacht na gcomharchumann agus na saoránachta gníomhaí. Tá súil againn trí fhoghlaim ón am atá thart agus inspioráid a tharraingt uaidh, go bhféadfaimis cabhrú le pobail leis na hathruithe atá ag teacht inniu.”
Faigh tuilleadh eolais faoin gciste um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide.