Skip to main content


Nuacht

Tionscadal Grianghrafadóireachta Picture Me

Is tionscadal digiteach grianghrafadóireachta é an Tionscadal Picture Me leis an ealaíontóir Anna Leask lena dtugtar aitheantas do chumas ealaíne leanaí/daoine óga atá faoi mhíchumas intleachta, iadsan i gCraobh Liatroma/Iarthar an Chabháin den eagraíocht Siondróm Down na hÉireann agus a dteaghlaigh go háirithe. Le tacaíocht ó The Dock, Éire Ildánach agus Comhairle Chontae Liatroma.

Is minic gur go físiúil a fhoghlaimíonn leanaí a bhfuil Siondróm Down orthu agus a fhaigheann siad tuiscint ar an saol. Tríd an tionscadal grianghrafadóireachta, tugadh deis iontach do na rannpháirtithe óga iad féin a chur in iúl go cruthaitheach. Bhain Anna Leask agus na grianghrafadóirí nua leas as an teicneolaíocht is úrnua chun cabhrú leo bualadh lena chéile, foghlaim agus saothar a roinnt trí réimse uirlisí ar líne a úsáid.

B’fhéidir nach bhfuil sé éasca agat mo chuid cainte a thuiscint ach má bhreathnaíonn tú trí lionsa an cheamara tuigfidh tú na nithe a gcuirim spéis iontu. Tuigfimid a chéile trí mo chuid pictiúr. Mar sin ná féach orm mar dhuine atá faoi mhíchumas ach mar ghrianghrafadóir!

Nasc leis an leabhrán

Stay up to date

×