Baineann na tionscail seo le hearnálacha éagsúla agus tá beartaithe béim a leagan leis an Treochlár ar na réimsí seo a leanas
- cúrsaí dearthóireachta (i.e., dearthóireacht tionsclaíochta, dearthóireacht táirgí, dearthóireacht gréasáin agus cumarsáid le hábhar amhairc, dearthóireacht Ui/Ux (Comhéadan an Úsáideora/Taithí an Úsáideora) agus dearthóireacht bogearraí, dearthóireacht seirbhíse agus dearthóireacht straitéiseach),
- cruthaitheacht dhigiteach (i.e., earnáil na cluichíochta agus iarléiriúchán/éifeachtaí físe (VFX), réimse a threisíonn leis an earnáil closamhairc agus atá le háireamh ar na seirbhísí easpórtála chomh maith), agus
- cruthú ábhair (i.e., fógraíocht agus brandáil, chomh maith le lón ábhair nua d’úsáid thráchtála ar na meáin shóisialta, dáileadh ar líne agus aipeanna do ghléasra so-iompair (‘apps’) chomh maith le hábhar d’ardáin nua, mar shampla AR/VR/XR Réaltacht Bhreisithe / Réaltacht Fhíorúil / Réaltacht Mheasctha).
D’oibrigh Éire Ildánach i gcomhar le Ranna éagsúla Rialtais i rith na bliana 2019 ar fad chun an obair ar an Treochlár a thabhairt chun críche. Eagraíodh, sa bhreis air sin, níos mó ná céad cruinniú le daoine den lucht léinn, le gnólachtaí beaga, le hionadaithe lucht tionsclaíochta agus le hoifigigh de chuid an AE. Bhí caidreamh ag Éire Ildánach freisin le 120 duine ag trí cinn de cheardlanna móra agus rinneadh suirbhéireacht i measc líon níos mó ná 150 duine in ngnólachtaí dearthóireachta.